# ÉireCéad

> ÉireCéad (iPhone/iPad app by Qubizm limited.)

- Source: https://appshunter.io/ios/app/eirecead/id6478504823 (this page in markdown: same URL + `.md`)
- Developer: [Qubizm limited](https://appshunter.io/developer/1733004723)
- Category: Education, Games, Casual, Puzzle
- Price: Free
- Age rating: 4+
- Requires: iOS 12.4 · 46 MB
- Languages: English
- Released: 2024-05-20
- Data updated: 2026-06-10
- User reviews in markdown: https://appshunter.io/ios/app/eirecead/id6478504823/reviews.md

## What is ÉireCéad?

Is aip é Éirecéad a ceapadh le spéis daoine fásta agus daoine óga níos sine ná 10 mbliana d’aois a mhealladh sa mhata.



Cé acu ar scoil, ag an obair nó sa bhaile thú, más suim leat an mata, nó fiú más maith leat giota beag níos mó eolais a fháil ar oileán na hÉireann, seo an aip duitse.



Tá córas luaíochta a bhaineann le tíleanna a bhailiú in úsáid in Éirecéad. Freagraíonn an tÚsáideoir ceisteanna mata a nochtann, má thugtar na freagraí cearta, íomhá agus eolas ar shuímh éagsúla in Éirinn. Bailíonn an tÚsáideoir na suímh sin agus sábháiltear iad de réir catagóire: iontais nádúrtha, caisleáin, oileáin, mar shampla.



Éireoidh an tÚsáideoir níos cleachta ar na cineálacha ceisteanna agus ar an ábhar mata agus é ag dul ar aghaidh san aip, le linn dó bailiúchán pearsanta de shainchomharthaí agus de shuímh de chuid na hÉireann a chur le chéile.



Ar chríochnú na haipe don Úsáideoir, beidh 800 ceist mata freagartha i gceart aige, agus beidh 100 tíl a cheiliúrann 100 suíomh in oileán na hÉireann bailithe aige.

I ndeireadh na dála, tá an aip ceaptha le spéis dhearfach a mhealladh san Úsáideoir sa mhata, le rath a chúiteamh agus le léargas áirithe traschuraclaim a chur ar fáil ar thírdhreach, ar thíreolaíocht agus ar stair na tíre áille seo againn.



Déanfaidh Éirecéad tairbhe mhór do pháistí atá i mbun an aistrithe ón bhunscoil go dtí an iar-bhunscoil mar is ábhartha an t-ábhar don mhatamaitic a úsáidtear ar scoil ag an aois sin. Tugann sé deis ar dóigh fosta do pháistí agus do dhaoine fásta an mata a phlé sa bhaile.



Ar chríochnú na haipe don Úsáideoir, beidh sé lánoilte ar thopaicí mata a thugann dúshlán daoine fásta agus daoine óga araon, de ghnáth.


## Version history (last 1 release)

### 1.1.1 — 2024-05-20

No release notes.

## Apps similar to ÉireCéad

| App | Rating | Price | Category |
| --- | --- | --- | --- |
| [Edino](https://appshunter.io/ios/app/edino/id6448293749) | — | Free | Education |
| [Adnabod Idiomau](https://appshunter.io/ios/app/adnabod-idiomau/id1482378050) | — | $0.99 | Education |
| [Fferm Ddiogel](https://appshunter.io/ios/app/fferm-ddiogel/id6451448920) | — | Free | Education |
| [He Taonga](https://appshunter.io/ios/app/he-taonga/id6738010079) | — | Free | Education |
| [Qendro Aktiv](https://appshunter.io/ios/app/qendro-aktiv/id6670537131) | — | Free | Education |
| [Foleja](https://appshunter.io/ios/app/foleja/id1607980150) | 5.0 (2) | Free | Education |

## More apps by Qubizm limited

- [Ireland 100](https://appshunter.io/ios/app/ireland-100/id6478492393)

All apps by Qubizm limited: https://appshunter.io/developer/1733004723

---

*Data collected daily from the US App Store and indexed by [AppsHunter](https://appshunter.io/). User reviews are verbatim App Store reviews. Ratings, prices and chart positions refresh continuously; this snapshot is from 2026-06-10.*
